Féasta na Gaelige 1916 – 2016

A chara,

Ar an Satharn an 3 Nollaig 2016 ceiliúrfar Athbheochan na Gaeilge le
céad bliain anuas mar chuid de Chlár Comórtha 1916 atá eagraithe ag na
sé Cheanneagraíocht Gaeilge, (Glór na nGael, Cumann na bhFiann, Conradh
na Gaeilge, Oireachtas na Gaeilge, Gael Linn, Gaelscoileanna) i
gcomhpháirt le Foras na Gaeilge.

Maraon le béile ceithre chúrsa in Óstán Double Tree Hilton, gealltar
oíche an-speisialta a dhéanfaidh comóradh agus ceiliúradh foirmiúil ar
an nGaeilge le clár siamsaíochta atá nuálach, beomhar agus uathúil.

Is mór an onóir agus an phribhléid céad míle fáilte a chur roimh
UACHTARÁN NA HÉIREANN, MICHEÁL D. Ó HUIGÍNN a bheidh mar aoi oinigh ag
Féasta 100.

I measc na n-aíonna speisialta beidh an t-aisteoir Diarmuid De Faoite
mar fhear an tí, beidh bunsaothar ann ón ngrúpa ceoil Preabmeadar
(Lorcán Mac Mathúna, Daire Ó Bracáin agus Éamonn Ó Galldubh) le
cóiréagrafaíocht coimisiúnaithe go speisialta ó Fhearghus Ó Conchúir.

Ócáid fhoirmiúil le carbhat dubh a bheidh ann.

Tá Féasta 100 chun ceiliúradh a dhéanamh ar fhorbairt na Gaeilge le 100
bliain anuas ar bhealach úr comhaimseartha agus ar bhealach a fhanfaidh
i gcuimhne na ndaoine a fhreastalóidh uirthi. Imeacht náisiúnta a bheidh
ann a dhéanfaidh ceiliúradh ar an nGaeilge agus ar gach a mbaineann léi
sa Ghaeltacht agus lasmuigh di.

Níl ach 700 ticéid ar fáil don ócáid seo agus is féidir iad a cheannach
ó aon cheann de na heagrais atá i mbun an eagrúcháin nó ó Eventbrite:

https://www.eventbrite.ie/e/feasta-100-tickets-25641956783?aff=es2 [1]

Is é praghas na dticéad EUR80 an duine. Tuilleadh eolais iniata.

Táimid ag súil go mbeidh tú linn.

Is mise le meas,

Nóirín Bairéad (Glór na nGael)

COISTE FÉASTA 100

By mcglynnmichael Fri 29th Jul