Turus Teanga 2016

A chairde,

Go raibh míle maith agaibh uilig a tháinig chuig an tseisiún eolais faoin
Scéim Tacaíochta Gaeilge an Satharn seo chaite i gClubtheach Na Cloigthí,
Cluain Dolcáin. Bhí deich gclub i láthair ar an lá agus tá grianghraf
iniata leis an ríomhphost seo.

Míle buíochas arís chuig baill Na Cloightí as ucht an spás don cruinniú a
chur ar fáil dúinn.

Mar a bhí pléite ar an lá, seo chugaibh an *Foirm Clárúchán Turas Teanga
2016 *agus an foirm iarratais le haghaidh an *Scéim Tacaíochta Gaeilge*. Ní
mór do gach club a bheith cláraithe le Glór na nGael sula bhfuil an Scéim
Tacaíochta oscailte dóibh.

Seo chugaibh an nasc chuig an foirm iarratais don Scéim Tacaíochta Gaeilge:
https://drive.google.com/file/d/0Bw2BtpUJ8l2tVDJmQzA4YlF5WEU/view

Is é an 7 Márta an chéad spriocdháta atá luaite.

Ná bíodh drogall oraibhse dul I dteagmháil liom má bhíonn cheist ar bith
agaibh.

Beirigí bua agus beannacht,

*Nóirín Bairéad*

Turus na Teanga

By mcglynnmichael Wed 24th Feb